Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Dónal Óg

Is a dónail óig, má théir thar farraige
beir mé féin leat is ná déan dearmad,
beidh agat féirín lá aonaigh is margaidh
agus iníon rí Gréige mar chéile leapa agat.

Do gheallais domsa is d'insís bréag dom
go mbeifeá romhamsa ag cró na gcaorach.
Ligeas fead agus trí chéad glaoch ort
ach ní bhfuireas romham ann ach na huain ag méiligh.

Dúirt mo mháthair liom gan a labhairt leat
inniu nó amárach nó Dé Céadaoin'.
Nárbh olc an tráth a thug sí rabhadh dom?
Ba é dúnadh an dorais tar éis na foghla.

Siúd é an Domhnach a thugas grá duit,
an Domhnach díreach roimh Dhomhnach Cásca,
mé ar mo ghlúine ag léamh na Páise
is bhí mo dhá shúil ag síor-thabhairt ghrá duit.

Bhain tú soir agus bhain tú siar dhíom,
bhain tú romham is bhain tú i mo dhiaidh dhíom,
bhain tú an ghealach dheas gheal is an ghrian díom,
Is is rómhór m'eagla gur bhain Dia dhíom.

T:
C:
M:
K:
L: