Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Duan Chroí Íosa

Gile mo chroí do chroíse, a Shlánaitheoir,
is ciste mo chroí do chroíse d'fháil i m' chomhair
ós follas gur líon do chroí do m' ghrása, a stór,
i gcochall mo chroí do chroíse fág i gcomhad.

Ar fhulaingís trínne, a Rí ghil ard na gcumhacht,
ní thagann i m' smaointe a shuíomh ná a thrácht i gcóir,
is gur le goradhghoin nibhe do chroí is do chneása, a stór,
do bhrostaigh na mílte saoi go sámh i gcoróin.

A Athair is a Íosa a dhíon le d' bhás mé beo,
is do dhealbh mo ghnaoi gan chríochnú ceard i d' chló,
mach danartha an gníomh, a Chríost, nár ghrása fós
ach gach uile ní ina mbíodh do ghráin don tsórt.

T:
C:
M:
K:
L: