Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Cuaichín Ghleann Neifín

Ó éireoidh mé amárach le fáinne an lae ghléghil
agus déanfaidh mé mo dhea-rás amach faoi na sléibhte
agus fágfaidh mé mo bheannacht ag mná deasa an tsaoil seo
agus 'dheamhan an filleadh abhaile dom go labhra an chuach i mbarr na gcraobh ann.

Tá mo ghrá mar bhláth na n-áirne a bhíos ag fás i dtús an tsamhraidh
nó mar nóiníní bána bhíos ag snámh ins na gleannta
nó mar 'bheadh grian os cionn Carnáin ins an tsráid ag gabháil síos dom.
Is mar siúd a bhíos mo ghrá bán ag déanamh ramhailt' trím intinn.

Nach aoibhinn don áilléar a mbíonn mo ghrá geal ag gabháil air; 
nach aoibhinn don talamh úd a siúlann a bróg air;
nach ró-aoibhinn don ógfhear a gheobhas mo stóirín le pósadh- 
is í réalt eolais na maidin í agus drúcht an tráthnóna.

T:
C:
M:
K:
L: