Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Cúirt Bhaile Nua

Lá breá dár éiríos ar maidin ag triall dom ar chúirt bhaile Nua
Cé d'fheicfinn ag dul tharam ach mo Neilí, is a ba ró-dheas a leagan is a snua.
bhí a grua bán níos gile ná'n eala, ná sneachta mín éadtrom an lae,
Ach a stóirín nach trua leat mo chás-sa, mar is lag lúbach a d'fhága tú mé.

Ó tá mé tinn tréith-lag le fada; deir mo mhuintir gur athraigh mo shnua
Ag dearcadh go géar ar an gcailín atá 'na cónaí le hais bhaile Nua,
Agus deirtear gur fear fánach m'athair, is réic a bhí ann, ó, go dlúth;
Ach beidh ór buí 'mo phóca le scaipeadh is mé ag éalú amach le mo rún.

Tá teachín deas gleoite sa ngleann a'm agus bím ann go huaigneach liom féin,
Is dhá dtiocfadh mo Neilí ar cuairt a'm thiúrfainn póigín deas milis dhá béal
Nach iomaí deas a chraithfeadh láimh liom is a thiocfadh sa teach a'm le mí,
Ach dá bhfaighinnse leo ór buí agus diamonds, 's í Neilí atá i gceartlár mo chroí.

Is fada iad mo chosa gan bróga 'gus is fada iad mo phócaí gan pingin
'Gus is fada mé ag siúl le mná óga, ach ní fhéadaimse labhairt le mo mhian.
Dá mbeinnse seacht mbliana i dtalamh nó i bhfiabhras 'mo leaba i mo luí
Is a stóirín dhá dtiocfása ar cuairt a'm, táim cinnte go n-éireoinn i mo chroí.

Ach brón ar an té nach mbíonn críonna is nach ndéanann gach ní mar is cóir,
Mar is mise mé féin a bhí ciontach nuair nach ndeacha mé in am fána cóir.
Ach thiúrfainnse cáil agus cliú dí, gan a gair agam labhairt léi níos mó,
Agus shiúlfainn seacht ríochta na hÉireann leis an bpéarla atá i gCúirt Bhaile Nua.

T:
C:
M:
K:
L: