an bhfaca tú an chúilfhionn is í taobh leis an toinn
fáinní óir ar a méaraibh is í ag réiteach a cinn?
Is é dúirt an Paorach a bhí ina mhaor ar an loing
go mb'fhearr leis aige féin í ná Éire gan roinn.
An bhfaca tú an spéirbhean is í ag siúl ar na bóithre
maidin gheal drúchta is gan smúit ar a bróga?
Is iomaí ógánach súilghlas ag tnúth lena púsadh
ach ní bhfaighidh siad mo rúnsa ar an gcuntas is dóigh leo.
An bhfaca tú mo bhábán lá breá is í ina haonar
a cúl dualach drisleánach go slinneán síos léi?
Mil ar an ógbhean is rós breá ina héadan
is is dóigh le gach spreasán gur leannán leis féin í.
T:
C:
M:
K:
L: