Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

an Chrúbach

Beir scéala uaim siar chun na Rosann, 's ar an Dálach arbh ainm dó Aodh,
Gur éalaigh an Chúbach as Toraigh is go deachaigh sí anonn ar an ghaoth.
Ní raibh ann acht na cnámha is an chraiceann is is láidir a d'imigh sí chun scaoil,
Gan coite gan bád ina haice a bheirfeadh go seascair í i dtír.

Chuartaíos na cuantaí gan fheasbhaidh is a tuairisc ní bhfuaireas go fóill,
Ach amháin dó go gcuala mé samhailt go deachaigh sí anonn ar Ghaoth Dobhair.
Deir daoine má chuaigh sí go Croithlí nach dual díthe pilleadh níos mó,
Nó tá Cormac Rua ag déanamh curaigh agus thuas atá craiceann na bó.

Ar Chormac ná maítear an craiceann, ba daor daoibh an duine do lua,
Nó chuirfinnse an dís i gcúirt Easpaig mura saorthaí go tapaidh an fear rua.
Ar lorg na laochra a bhí i dTeamhair a bhí a ghníomharthaí is a aigne go buan,
An ghiorria a chloí lena chonairt is chan ag smaointiú ar churach a chur suas.

Nuair a tháinig an chrúbach chun na cladaigh rinne sise scairteach ar Aodh,
D'éiíos go lúfar i mo sheasamh is bhí fionnadh in áit saill ar a taobh;
Is a Dhónaill, nach cuimhin leat le n-aithris mar tugadh an Ghlas Ghaimhlionna mór,
Go Toraigh ar lorg a rubaill is tháinig sí ar ais go tír mór?

T:
C:
M:
K:
L: