Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

na Connerys

Ar choimín mhallaithe, guímse deacair ort agus gráin Mhic Dé
ar an ghasra úd atá ceangailte go dlúth le d' thaobh;
Is iad a dhearbhaigh na leabhartha go humhal sa mbréag
do chuir na Connerys thar na farraigibh go dtí na New South Wales.

Té bheadh ina sheasamh ann is dhéanfadh machnamh ar ár gcús dá plé
mar do sheasaigh sí ón seacht ar maidin go dtí tar éis an naoi
do chrith an talamh fúinn le linn na leabhartha dá dtabhairt sa mbréag.
Mo ghreidhn an t-anam bocht nó tá sé damanta, más fíor do chléir.

A Bhainríon bheannaithe is a Rí na bhFlaitheas Geal, dén trócaire orainn araon
is ar an mbanaltra atá sa bhaile go cúch inár ndiaidh.
Le linn an Aifrinn bígí ag agallamh is ag guí chun Dé
leis na Connerys a thabhairt abhaile chughainn ó na New South Wales.

T:
C:
M:
K:
L: