Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

an Cóisire

Do ghluais an bathlach beag tóstalach
'gu póitín á fhreastail ar chord aige
a d'iarraidh leana chun cóisire
chun iad a chur ar na stárthaibh.
An theacht abhaile trí Bhóthar Tuir
is póitín á fhreastail ar chord aige
do thit an can' ar a thóin ar an lae
is siúd a chuid leanna chun fána.

Curfá:
San di-dee did-dle-dee di-dee dom
(san) di-dee did-dle-dee di-dee dom
(san) di-dee did-dle-dee di-dee dom
(san) di-dee did-dle-dee di-dee.

Do bhuail a bhosa go deorach dubh
is dúirt:"Táim creachta go deo leis sin"
nuair a bhí a chana gan tóin aige
is gan braon sa bhaile ach bláthach.
Do bhuail a bhasa go cráite ansin
is dúirt:'Táim creachta go deo leis sin
ar cuairt in aisce atáim anois
gan chlú, gan ainm gan árthach."

Curfá

Bhí fuaim an asail mar cheol acu
is dríodar phráisce dá ól mar phuins
rírá ag bacaigh le mórtas ann
is nach orthu bhí an éirí in airde?
Bhí Síle shalach mar chócaire
is feol ghabhair ghleabaigh dhá róst ar bior
go bhfaighe sí bolaithe dreoite uirthí
ó bheith ina croiceann le ráithe.

Curfá

T:
C:
M:
K:
L: