Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

an Clár Bog Déil

Do phósfainn thú gan bó gan punt gan áireamh spré
a chuid den tsaol le toil do mhuintire dá mb'áil leat é
is é mo ghalar dúch gan mé agus tú, a ghrá mo chléibh,
i gCaiseal Mumhan is gan de leaba fúinn ach an clár bog déil.

Siúil, a chogar, is tar i m' fhochair go dtéam ón ghleann
is gheobhaidh tú foscadh ar leaba fhlocais agus aer cois abhann,
beidh na srutha ag déanamh torainn faoi ghéaga crann
beidh an londubh inár bhfochair is an chéirseach dhonn.

Searc mo chléibh do thugas féin duit agus grá trí rún
dá dtagadh sé de chor an tsaoil go mbeinn féin is tú
ceangal cléire bheith eadrainn araon leis an bhfáinne dlúth;
is dá bhfeicfinn féin mo ghrá ag aon fhear gheobhainn bás de chumha.

T:
C:
M:
K:
L: