Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Cill Mhuire

Is bhuachaillín mise do shiúlaigh a lán,
Ag cur tuairisce na háite is fearr ionad,
I múineadh, in iompar, i gclúcheart is i gcáil,
I mbéasa, i dtréithe is i miotal.
Ní heol dom aon chúige nó dúnbhaile breá,
Dá bhfaca i mo shiúlta ba shúgaí le rá,
Níor luigh ariamh mo shúil ar aon dúiche chomh breá,
Leis an áit úd a nglaotar Cill Mhuire air.

Ansiúd a bhíonn tionlac, mion-cholúr is faoileán,
An chéirseach, fraoch-chearca is druide,
Ar ghéaga ina slaoda ag géilleadh faoi bhláth,
Is gur mhéin liom le háireamh a bhfoirne;
bíonn fuaim ag an gconairt á ligean chun fiaigh,
Ag traochadh an tsionnaigh is marcaigh ina ndiaidh,
Bíonn adharca á séideadh is na céadta 'Huzza'
Ar chnocáinín aerach Chill Mhuire.

T:
C:
M:
K:
L: