Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Cill Chais

Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad?
Tá deireadh na gcoillte ar lár,
Níl trácht ar Chill Chais ná a teadhlach
Is ní chluinfear a cling go brách.
An áit úd ina gcónaíodh an dea-bhean,
'Fuair gradam is meidhir thar mhná,
Bhíodh iarlaí ag tarraingt thar toinn ann,
Is an tAifreann binn á rá.

Ní chluinim fuaim lachan ná gé ann,
Ná fiolair ag éamh cois cuain,
Ná fiú na mbeacha chun saothair
A thabharfadh mil agus céir don slua.
Níl ceol binn milis na n-éan ann
Le hamharc an lae ag dul uainn
Ná an chuaichín i mbarra na gcraobh ann,
O 's í a chuirfeadh an saol chun suain.

Aicim ar Mhuire is ar Íosa
Go dtaga sí arís chugainn slán
Go mbeidh rincí fada ag dul timpeall,
Ceol fidilí is tinte cnámh;
go dtógtar an baile seo ár sinsear,
Cill Chais breá arís go hard,
Is go brách nó go dtiocfaidh an díle
Nach bhfeicfear é arís ar lár

T:
C:
M:
K:
L: