Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Cill Aodáin

Anois teacht an Earraigh beidh an lá ag dul chun síneadh
Is tar éis na Féile Bríde ardóidh mé mo sheol,
Ó chuir mé i mo cheann é ní chónóidh mé choíche
Go seasfaidh mé síos i lár Chontae Mhuigh Eo.
I gclár Chlainne Mhuiris a bheas mé an chéad oíche,
Is i mBalla taobh thíos de a thosós mé ag ól,
Go Coillte Mách rachad go ndéanfad cuairt mhíosa ann
I bhfogas dhá mhíle do bhéal an Atha Mhóir.

Fágaim le huacht é go n-éiríonn mo chroíse,
Mar a éiríonn an ghaoth nó mar a scaipeann an ceo,
Nuair a smaoiním ar Cheara nó ar Ghaileang taobh thíos de
Ar Sceathach an Mhíle nó ar phlánaí Mhaigh Eo;
Cill Aodáin an baile a bhfásann gach ní ann,
Tá sméara is subh craobh ann is meas ar gach sórt,
Is dá mbeinnse i mo sheasamh i gceartlár mo dhaoine
D'imeodh an aois díom is bheinn arís óg.

Bíonn cruithneacht is coirce, fá eorna is lí ann,
Seagal i gcraobh ann, arán plúir agus feoil,
Lucht déanta póitín gan licence á dhíol ann,
Móruaisle na tíre ann ag imirt is ag ól.
Tá cur agus treabhadh is leasú gan aoileach,
Is iomaí sin ní ann ná labhair mé go fóill,
Aitheanna is muilte ag obair gan scíth ann,
Dheamhan caint ar phingin cíosa ná dada dá shórt.

T:
C:
M:
K:
L: