Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Ceol an Phíobaire

Má phósann tú an siostalóir is tusa bheas ag caoineadh,
'Mhuirnín dílis is 'fhaoileann óg,
Beidh tú do do thachtadh le barrach na tíre,
Ó beidh tú i do shuí go mbeidh sé an meán oíche
Ag síordhó na gcoinneal 's ag sciobadh an lín dó,
Ach ba bhíle b'fhearr duit mise agat is ceol binn mp phíbe,
A mhuirnín dílis is 'fhaoileann óg.

Má phósann tú an fíodóir is tú bheas ag caoineadh,
A mhuirnín dílis is 'fhaoileann óg,
Beidh céad luig lag ag an úim dá scaoileadh,
A mhuirnín dílis is 'fhaoileann óg.
Beidh tú id do shuí go mbeidh sé an meán oíche
Ag síordhó na gcoinneál 's ag crónán fán íneadh,
Ach ba bhíle b'fhearr duit mise agat is ceol binn mo phíbe,
A mhuirnín dílis is 'fhaoileann óg.

Má phósann tú an táilliúir is tú bheas ag caoineadh,
A mhuirnín dílis is 'fhaoileann óg,
Beidh sop i mbéal a dhorais mar bheadh mada ar charnán aoiligh,
A mhuirnín dílis is 'fhaoileann óg.
Beidh tú i do shuí go mbeidh sé an meán oíche
Ag síordhó na gcoinneal 's ag créimneáil na pbíosaí,
Ach ba mhíle b'fhearr duit mise agat is ceol binn mo phíbe,
A mhuirnín dílis is 'fhaoileann óg.

T:
C:
M:
K:
L: