Ceo Draíochta i gcoim oíche do sheol mé
Trí thíortha mar óinmhid ar strae,
gan príomhcharaid díograis i mo chóngar,
Is mé i gcríocha thar mo eolas i gcéin;
Do shíneas go fíorthuirseach deorach
I gcoill chlúthar, chnómhar liom féin
Ag guíochtain chun rí ghil na glóire,
Is gan ní ar bith ach trócaire i mo bhéal.
Bhí líonrith i mo chroíse gan gó ar bith
San choill seo gan glór duine i mo ghaobhar,
Gan aoibhneas ach binnghuth na smólach
Ag síorchantain cheoil ar gach géag;
Le mo thaobh gur shuigh síbhruinneall mhómharach,
I bhfíor is i gclóchruth mar naomh,
Ina gnaoi do bhí an lí gheal le rósa
Ag coimheascar, is narbh eol dom cé ghéill.
T:
C:
M:
K:
L: