Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

an Carabhat

Is fada atá fuaim ag gluaiseacht eadrainn
ag tuar chun spárainne i gClár Uí Néill,
ó bhailte na tuaithe go bruach na farraige,
uabhar is eagal agus ár ar Ghaeil.
Tá siosma ró-mhór sa chuan seo in aice linn,
an Eaglais buartha ar uair an Aifrinn,
sileadh na súl 'tabhairt comhairle bhur leasa dhaoibh,
táimse i mo chodladh nó is fíor mo scéal.

A bhuachaillí croí, ná bí i bhfearg liom
is daoibhse spreagaim mo ráite béil.
Tagann osna i mo chroí nuair a chím nach leanann sibh
dlí na hEaglaise is áille méin.
Ach ag imeacht le baois 'déanamh aimhleas bhur n-anamann
mar a bheadh daill gan radharc ar mearúil.
Geallaimse daoibh go mbeidh naimhde ag magadh fúibh,
táimse i mo chodladh mó is fíor mo scéal.

Is é teagasc na cléire is réir na hEaglaise
an tslí, mar mheasaimse, a b'fhearr chun Dé,
is ní dul chun an aonaigh le faobhar go feargach
tréan faoi airm chun lámhach na bpiléar.
Nach dealbh an scéal é á léamh ag Gallaphoic
gurab iad Gaeil 'tá ag déanamh achrainn;
fealladh ar a chéile faoi ghné gach seanchirt,
bheist agus carabhat bán a thréig.

T:
C:
M:
K:
L: