Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Cá Rabhais ar Feadh an Lae Uaim

Cá rabhais ar feadh an lae uaim, a bhuachaillín ó?
Cá rabhais ar feadh an lae uaim, a lao ghil is a stór? 
Bhíos ag fiach is ag fabhlaereacht, a mháithrín ó,
Agus cóirigh mo leaba, táim breoite go leor.

Cad d'ithis do do dhinnéar, a bhuachaillín ó?
Cad d'ithis do do dhinnéar, a lao ghil is a stór?
D'itheas sicíní nimhe ar phláitíní óir,
Agus cóirigh mo leaba, táim breoite go leor.

Cad fhágair ag do athair, a bhuachaillín ó?
Cad fhágair ag do athair, a lao ghil is a stór?
Mo chóiste is ceithre capaill, a mháithrín ó,
Agus cóirigh mo leaba, táim breoite go leor.

Cad fhágair ag do mháthair, a bhuachaillín ó?
Cad fhágair ag do mháthair, a lao ghil is a stór?
Mo bha is mo chuid talamh, a mháithrín ó,
Agus cóirigh mo leaba, táim breoite go leor.

Cad fhágair ag do mhnaoi pósta, a bhuachaillín ó?
Cad fhágair ag do mhnaoi pósta, a lao ghil is a stór?
Fágfad croch chun í a chrochadh is téad láidir chóir,
Agus cóirigh mo leaba, táim breoite go leor.

T:
C:
M:
K:
L: