Caoineadh na dTrí MuireA Pheadair, a aspail, an bhfaca tú mo ghrá geal? ochón agus ochón ó.
Cé hé fear breá sin ar chrann na páiste? ochón agus ochón ó.
An é sin an maicín a d'iompair mé trí ráithe? ochón agus ochón ó.
Nó an é sin an maicín a hoileadh in ucht Mháire? ochón agus ochón ó.
An é sin an casúr a bhuail tríot na tairní? ochón agus ochón ó.
Mhaise éist, a mháithrín, agus ná bí cráite, ochón agus ochón ó.
T:
|