Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

an Caiptín Ó Máille

Is an chéad lá de mhí an Fhómhair sea chroch muid na seoltaí,
Ag tarraingt ar na cóstaí, tóin an Bhuinneáin siar,
Thart anseo le cliara, Achaill Bheag taobh thiar dhe,
Go hInis Toirc dhá dtrialladh bheadh aoireacht orainn ann.
Thart le Rinn an Mhaoile agus síos go Cruach na Caoile,
An Cloigeann lena thaobh sin is Trá Bhríde ina dhiaidh,
Gur dhruideamar le fána trí fharraige is í ag cathadh,
Go ndeachaigh muid don Ratha mar is ann a bhí ár dtriall.

Ag síneadh dhúinn le hÁrainn, Ó, mhéadaigh orainn gála,
Bhí cúrsaí istigh ar thrá againn is níorbh é an trá failthí é,
Mar go dtáinig sé chun feothain is as sin chun gaoithe móire
Is gur chroch muid na seolta is níor mhór dhúinne é in am.
An gharraige gur léim sí agus las na tonnta tréana,
Ó, chreathnaigh na spéartha agus mhéadaigh ar an gceo;
Is dá mbeadh caint ag na clára nach n-inseoidís scéal cráite,
Is a ghairdeacht is a chuaigh an bás dhúinn is gan eadrainn ach iad?

Bhí criú na loinge in aon chor ag iompú ar chlár m'éadain,
Le súil le cabhair a dhéanamh is gan aon mhaith dhóibh ann,
Ach séard a dúirt mé leo in aon chor go ndéanfainn dóibh a bhféadfainn,
Ag iompair a gcuid éadaigh an fhad is a b'fhéidir léi snámh.
Tá mo lámha stróicthe go síoraí ag tarraingt rópaí,
Tá an craiceann is an fheoil éirithe amach ón gcnámh,
Ach más é an bás a gheall Mac Dé dhúinn, ní féidir dhúinn a shéanadh,
Ach a dhul go Flaitheas Dé dhúinn ar aon stáid amháin.

T:
C:
M:
K:
L: