Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Cad É Sin Don Té Sin?

Chuaigh mé chun aonaigh is dhíol mé mo bhó
Ar chúig phunta airgid is ar chiní bhuí óir;
Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór,
Ó, cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Má théim go coil chraobhach a phiochadh sméara nó snó,
A bhaint úlla de ghéaga nó a bhuallailleacht bó,
Is má shínim seal uaire faoi chrann ag déanamh só,
Ó, cadé sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Má théimse chuig airneál is rince is spórt,
Chuig aonach nó rásaí is gach cruinniú den tsórt;
Má tchí daoine súgach is má bhím súgach leo,
Ó, cadé sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh,
Gan earra, gan éadáil, gan bólacht ná stór;
Ach má tá mise sásta i mo chónaí i gcró,
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?

T:
C:
M:
K:
L: