Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

an Bunnán Buí

A bhunnán buí, is é mo chrá do luí
is do chnámha síte ar leaca lom'.
IS nach dtearn tú díth nó dolaidh sa tír
is nár bhfearr leat fíon ná uisce poill.
Dá gcuirfeá scéala fá mo dhéin
go raibh tú i ngéibhinn nó i ndeacair íota,
óró, bhainfinnse béim as Loch Mhic an Éin
a fhliuchfadh do bhéal is do bhrollach síos.

Ní hiad bhur n-éanlaith atá mise ag éagaoin,
an chuach, an traona nó an corrbhreac,
ach an bunná buí a bhí lán de chroí
is gur chosúil liom féin é i snua is i ndath.
Bhíodh sé ag síor-ól na dí
is deir daoine go mbím ar an nós sin seal,
is níl braon dá bhfaighinnse bás den tart.
ar fhaitíos go bhfaighinnse bás den tart.

Is é d'iarr mo stór orm ligean don ól
nó nach mbeinnse beo ach seal beag gearr.
Is é dúirt mé léi gur chan sí an bhréag
nó go mb'fhaide do mo shaol an braon seo a fháil.
Nach bhfeiceann tusa éan an phíobáin réidh
go dteachaidh sí in éag den tart ar ball?
Ó, us a dhaoine chléibh, fliuchaigí bhur mbéal
nó ní bhfaighidh sibh braon i ndiaidh bhur mbáis.

T:
C:
M:
K:
L: