Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Buachaill ón Éirne

Buachaill ón Éirne mé is bhréagfainn féin cailín deas óg.
Ní iarrfainn bó spré léi, tá mé féin saibhir go leor-
is liom Corcaigh dá mhéid é, dhá thaobh an ghleanna, is Tír Éoghain,
is mura n-athra' mé béasaí, is mé an t-oidhre ar chontae Mhuigheo.

Buachailleacht bó, mo leo, nár chleacht mise riamh
ach ag imirt is ag ól le hógmhrá deasa fá shliabh.
Má chaill mé mo stór né móide gur chaill mé mo chiall
is ní mó liom do phóg ná an bhróg atá chaitheamh le bliain.

Rachaidh mé amárach a dhéanamh leanna fán choill,
gan coite gan bád gan gráinín brach' ar bith liom,
ach duillúir na gcraobh mar éide leaba os mo cheann
is óró, a sheacht m'anam déag thú, is tú ag féachaint orm anall.

A chuisle 's a stór ná pós an seanduine liath
Ach pós a' fear óg, mo leo, mura maire sé ach bliain
Nó beidh tú go fóill gan ó nó mac os do chionn
A shilfeadh a'n deor tráthnóna nó'r maidin go trom

T:
C:
M:
K:
L: