Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

an Bhuachaill Caol Dubh

Nuair a théim ar aonach a cheannacht éadaí
'gus bíonn an éirnis agam i m láimh,
síneann taobh liom an buachaill caol dubh
is cuireann caolchrobh isteach i m' láimh.
Is gearr ina dhéidh sin go mbím go haerach
gan puin den chéill is mé i gceann an chláir
ag díol na n-éileamh a bhíonn a m' chéasadh
seacht mí gan éine 's an fuacht a m' chrá.

Is é an buachaill caol dubh fada féileach
cliste léannta is gur mhaith é a shno,
do chlaoigh i bpéin mé 's do mhill in éag mé
is d'fhág mé féinig ar bheagán stóir.
Don Fhrainc dá dtéin nó go Cuan Bhinn Éadair
nó ag dul den léim sin go hInis Mór
bíonn an séithleach i m' dhéidh ar saothar
mara mbeinn féin uaidh ach uair de ló.

T:
C:
M:
K:
L: