Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Bruach Dhúin Réimhe

Ag bruach Dhúin Réimhe ar uaigneas lae
Ba snuamhar géaga bláthgheal;
Chualas géimhneach chuantaí Éireann,
Is fuaim sa spéir anairde.
Na dúile i bpéin is a gcúl le chéile
Is gnúis na gréine báite,
Agus plúr na n-éan ag fuagradh scéil
Le cumha gur éag na cága.

Nár chloíte mé i mo luí i bpéin
Go bhfaighinnse scéal an ábhair,
Tar éis chríochnaithe an tsaoil, mar a mhíníos cléir
Bhí triall ar Ghaeil an lá sin.
Bhí uafás gaoth ag fuaimniú an aeir
Le síorchur laoige is tairní,
Is na hualaigh éisc le gruaim gur éag,
Ina gcuail ar thaobh na tráighe.

Tháth thiontaigh an spéir is gach ní faoin ghréin,
Is an saol faoi éicliops ábhail,
Smaoineas féin gur mhithid dom teitheadh
Do dún na gcraobh is na fáilte
D'éirigh an smaolach cumhra béilbhinn
Suas ar ghéagán láimh liom,
Is ba bhinne ná téada milse Orphéus
Ceiliúr an éin a ba áille.

A smaolaigh chléibh, ó tchí tú féin
gur cloíodh sliocht Gael san áit seo,
Tabhair iarraidh léim i lúb san aer,
Is beir sitheadh géar thar sáile
Mar a bhfuighidh tú fréamh de ghaol Uí Néill
I dtíortha tréana na Spáinne,
Is aithris don méid a mhairfeas ón éag
Gur scaoileadh a n-aolchloch álainn.

T:
C:
M:
K:
L: