Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Bríd Thomáis Mhurcha

Is a Bhideach na gcarad, tuig feasta nach súgradh é, 
Ó thug mo chroí gean duit ar mhalairt ná diúltaigh mé,
Má shíl tú mé a mhealladh le bladar deas ciúin do bhéil,
Ach go dtug mise gean duit seachas cailíní deasa an tsaoil.

Is a Bhríd Thomáis Mhurcha, molaimse an barr leat féin,
Ar ghile, ar fhinne, ar dheise is áille méin;
Tá a cúilín deas triopallach is í fite mar thrilseán óir,
Is an té a bheadd gan amharc, go dtabharfadh sí soilse dó.

Rachad go Gaillimh go gceannaí mé gairdín úll,
Loingeas ar farraige le haghaidh bheith ag déanamh spóirt,
Ag filleadh ó Shligeach dom agus leid bheag a fháil do mo chomhair,
Is ní chónóinn fá bhealach go mblaisfinn de phóg mo stóir.

Má bhí mise folamh, dar m'fhocal, ba mhór an scéal,
Is a liachtaí bean deas a thug taitneamh go ghlór mo bhéil,
Dá mbeadh sé ag cur seaca, ag cur sneachta i ngach ceard den spéir,
Ach tusa a bheith i m'aice, ní aireoinnse buaireamh an tsaoil.

Is a Aonmhac Mhuire, a chuir an cuileann tríd an bhféar ag fás,
Nach mise an trua Mhuire is mé ag cailleadh lúth na ngéag le grá?
Ach má tá sé inár gcinniúint nach féidir dúinn a chéile a fháil,
Bíodh tusa i do choinneal is beidh mise i mo fhéileacán.

T:
C:
M:
K:
L: