Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Bríd Bhán

Ní hionann liomsa an sliabh is an baile atá i mo dhiaidh,
Is a Dhia, gan mise arís ann,
Gan mé ins an teach mór atá déanta ar thaobh an róid,
Is mise bheith ann gan bhó gan chaora.
Ní bheinn i bhur gcró anois ag teacht an Domhnaigh
Bheadh an tAifreann do mo chomhair, is mo dhaoine,
Is dá mba liomsa Éire, anuas ó Loch Éirne
Gur i dTeileann a b'fhearr liom bheith i mo chónaí.

A Bhríd bhán, a rún, glac misneach rómhór,
Agus ná cluintear níos mó thú ag éagaoin,
Is nach bhfuil ní ar an domhan a bhfaca tú le feabhas
Nach mbeidh againn sa bhaile úd a mbéimid
Caoraigh agus gabhair, capaill agus buaibh,
Is dá mba uain go bhfaighimis féar daobhtha,
Nach ródheas an áit seo i dtóradh is i ngrán,
Agus an bradán ar an abhainn ag léimnigh.

Tá na caoraigh anseo gan óigh, crupán ar na buaibh,
Agus galar ar na gabhair sna haltaibh;
Meadú mo bhrón, níl anseo ach móin,
Is an chíb dhubh ní áir&237mse ina féar í.
An méid bradán agus éisc dar shnámh i gcuan Theilinn ariamh,
Is taradh siad aniar faoin gharraí,
Ní thógaimse mo shúil, le tuirse is le cumha,
Ó tháinig mé in bhur gclúid ghránna.

T:
C:
M:
K:
L: