Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Bean an Leanna

Ó agus éirigh i do shuí, a bhean an leanna,
Is ná fan le do chaipín a ghléas,
Nó go dtuga tú dúinn braon uisce beatha
ná braon de do chuid leanna féin.
Agus beimid ag ól go dtí an mhaidin
Seo sláinte na bhfear uilig go léir,
Nuair a fhágas an mhaistreás an baile
Beidh an cailín is deise agam féin.

Is a Thiarna, céard a chéanfas mé amárach,
Nuair a fheicfeas mé mo ghrá ag dul aniar
Is gan gáir agam a theacht ina láthair
Leis an méid a bhí eadrainn ariamh.
Nuair a smaoiním ar a súgradh is ar a gáire
Is ar a dhá láimhin gheala a bhí fial,
Nach dtiteann mo chroí istigh i ndólás
Agus goileann mé mórán ina diaidh.

Bhí mise tháthnóna is mé súgach
Is mé ag triall ar tigh Mhicil sa ngleann,
Bhí steancán de sheanphíobaire caoch ann
Agus crúsca póitín líonta aige ar chlár.
Ó thiteamar marbh lag thíos ann,
Níor fhan mothú inár gcois ná inár láimh.
Seo sláinte féile ár sinsear
Agus íocfaidh mé féin an reicneáil.

T:
C:
M:
K:
L: