Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Bean Dubh an Ghleanna

Tá bó agam ar an sliabh agus táim le seal in diaidh
ó chailleas mo chiall le nuachar,
á seoladh soir is siar ins an áit a dtéann an ghrian
ó mhaidin go dtí an tráthnóna.
Nuair a fhéachaim féin anonn ins an áit a mbíonn mo rún
ritheann óm shúil sruth deora
is, a Rí ghil na gcumhacht, go bhfóirir ar mo chúis
mar is í bean dubh an Ghleanna do bhreoigh mé.

Bean dubh an Ghleann an bhean dubh a b'fhearra,
bean dubh ba deise gáire,
a bhfuil a grua mar an sneachta is a píb mar an eala 
is a com seang singil álainn.
Níl ógánach cailce ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh
nó as siúd go Tuaim Uí Mheára
nach bhfuil ag triall is ag tarraingt ar eacha donna deasa
is iad ag tnúth leis an mbean dubh álainn.

Geobhainnse bean sa Mhumhain, triúr bean i Laighean,
bean ó Rí geal Seoirse,
bean na lúba buí a d'fháiscfeadh mé lena croí,
bean agus dhá mhíle bó léi.
Iníon óg an Iarla atá go tinn dubhach diacrach
ag iarraidh mise a fháil le pósadh,
ach dó bhfaighinnse féin mo rogha de mhná deasa an domhain
is í an bhean dubh ón nGleann a thoghfainn.

T:
C:
M:
K:
L: