Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Bánchnoic Éirinn Ó

Beir beannacht ó m' chroí go tír na hÉireann
Bánchnoic Éireann ó
chun a maireann de shíolra Ír agus Éibhir ar
bhánchnoic Éireann ó.
An áit úd 'narbh aoibhinn binnghuth éan
mar shámhchruit chaoin ag caoineadh Gael,
is é mo chás a bheith míle míle i gcéin ó
bhánchnoic Éireann ó.

Bíonn barra bog slím ar chaoinchnoic Éireann.
Bánchnoic Éireann ó.
Is is fearra ná an tír seo díoga gach slíibhe ann,
Bánchnoic Éireann ó.
Is ard a coillte is is díreach réidh,
is an bláth mar aoil ar mhaoilinn ghéag.
Tá grá i m' chroí is i m' intinn féin do
bhánchoic Éireann ó.

T:
C:
M:
K:
L: