Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Bádaí na Scadán

'Neos foireann an bháid a b'fhearr a d'fhág Inis Fraoigh,
Is iad ag tarraingt san áit a raibh bádaí na scadán ina luí
Ar bhuilg gur fágadh is gan tátháil orthu faraor,
Is mo bhuachaillín bán deas a sheinnfeadh an fhidil is an phíob.

Is measa liom Eoghan ná scór de fhearaibh an tsaoil,
Is é a chuirfeadh ar bord is nach mór a lagaigh sé an tír;
Tá Macan bocht buartha, Nóra bheag is a iníon,
Is dar liom ar ndóigh go bhfuil dólás mór fada ar a mhraoi.

A Fheargail, a dheartháir, má tá tú i bhFlaitheas na Naomh,
Iarr fortacht ar an Ard Rí lena bhfáil ins an chladach seo thíos;
Mura bhfaighfí ach a gcnámha da mbíodh ar na leaca ag n-a thaobh
Bheadh a athair bocht sásta agus áthrach mór fada ar a shaol.

Níor mhaith liom do shúil, riú, bheith brúite tuirseach i ngreann
Is do chorpán geal úr a bheath ag súgradh ar bharra na dtonn,
Na maidí a bhí fút ag lúbadh tharat anall;
Bhí do lámh ar an stiúir is tú ag dúil le bheith i bhFlaitheas gan mhoill.

Dá bhfeicfeá Eoghan Mór is é ag cuartú cladach is poll
Ag iarraidh tuairisc na mbuachaill a fuadaíodh amach ar an toinn,
Shiúil sé na cuantaí ach níor dhual dó a leithéid a fháil ann
Ach go bhfuarthas a dtuairisc thuas ar an Iomaire Cham.

T:
C:
M:
K: