Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Ar Éirinn ní Neosfainn Cé hÍ

Aréir is mé ag téarnamh um neoin
ar an taobh thall den teora ina mbím
do thaobhnaigh an spéirbhean i m' chomhair
d'fhag taomanach breoite lag sinn.
do ghéilleas dá méin is dá cló
dá bréithre 's dá beol tana binn.
Do léimeas fá dhéin dul 'na comhair
is ar Éirinn ní neosfainn cé hí.

Dá ngéillfeadh an spéirbhean do m' ghlór
agus ráite mo bheoil a bheith fíor
go deimhin duit, go ndéanfainn do ghnó,
do léirchur i gcóir is i gcríoch.
Do léifinn go léir stair do m' stór
is bna mhéin liom í a phógadh ó m' chroí
do bhéarfainn an chraobh di gan ghó,
is ar Éirinn ní neosfainn cé hí.

T:
C:
M:
K: