Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Anach Cuan

Má fhaighimse sláinte is fada a bheas trácht ar
an mhéid a báthadh as Anach Cuan.
Mo thrua amárach gach athair is mathair
bean is páiste atá ag sileadh súl.
A Rí na ngrásta, a cheap neamh is Páthas,
nár bheag an tábhacht dúinn beirt ná triúr?
Ach lá chomh breá leis gan gaoth gan báisteach
is lán an bháid acu a scuabadh ar shiúil.

Nár mhór an t-íonadh os comhair na ndaoine
a bhfeiscint sínte ar chúl a gcinn?
Screadadh is caoineadh a scanródh daoine,
gruaig á cíoradh is an chreach á roinn.
Bhí buachaillí óga ann, tíocht an fhómhair,
á síneadh ar chróchar is á dtabhairt go cill.
Is gurbh é gléas a bpósta a bhí á dtórramh
is, a Dhia na glóire, nár mhór an feall?

Loscadh sléibhe agus scalladh cléibhe
ar an áit ar éagadur is milleán crua,
mar is iomaí críatúr a d'fhág sé ag géarghol,
ag sileadh is ag éagaoin gach maidin Luain.
Ní díobháil eolais a chuir dá treoir iad
ach mí-adh mór a bhí sa gCaisleán Nua.
Is é críochnú an amhráin gur báthadh mórán
is d'fhág ábhar dóláis ag Anach Cuan.

T:
C:
M:
K: