Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Amhrán na Trá Báinne

Mo mhíle slán leat, 'Éirinn bhocht, is nach breá an rud é an tEarrach fíin;
Níl caint ar obair bhosannaí nó rud ar bith mar é
Seal ag tarraingt fheamainne, ag cur fhataí nó ag baint fhéir
Is Níl fear ar bith dá bhoichte nach bhfuil feilm aige féin.

Mo mhallacht ar na curachaí is mo bheannacht ar na báid;
Mo mhallacht ar na curachaí atá thiar insan Trá Bháin;
Siad a bhain mo cheathrar driothár dhíom a raibh feilm acu ann
Is nach cuma leis an gCeallach í mar 'sí atá ina n-áit.

Is báthadh Seán is Peadar orm is bhí caitheamh agam ina ndiadh;
Níor fhill mo dhriothrár Máirtín a báthadh fadó riamh;
Mo Mhicil Bán ba mheasa liom dhá dtáinig romham ariamh,
Ach mo mhallacht don tonn bháite, sí d'fhag mo cheann liath.

Muise shoraidh dhíbhse a dhriotháireachaí hach dtagann isteach i dtír;
Chaoinfeadh mná an bhaile sibh, bhur gcleamhraí is bhur ngaoil;
Chuirfí cónra gheal oraibh amach déanta ó láimh an tsaoir
Is ní bheadh sibh dhá bpocáil idir farrgí is dhá gcur ó thaobh go taobh

An gcuimhníonn sibhse, a chailíní, an lá ar fhága mé an Trá Bháin?
Ní bhfuair mé an té a chuir comhairle orm ná dúirt liom fanacht ann
Chun fhágfas Dia mo shláinte agam agus caraid Rí na nGrást
ó pé ar bith áit dá rachaidh mé fhillfidh mé go brách.

Tá caitheamh is cáin ar Éirinn bhocht agus mh'anam féin nach óoir;
Tá an fear ag baint na bhfataí ann is an bhean ag bleán na bó
'S é an rule atá in South Boston "déan obair nó lig dhó",
Is má shaothraíonn an bhean ach dollar ann tá an fear amuigh dhá ól.

T:
C:
M:
K: