Dá mbeinn féin in Airdí Cuan
in aice an tsléibhe úd 'tá i bhfad uaim
b'annamh liom gan dul ar cuairt
go Gleann na gCuach Dé Domhnaigh.
Curfá:
agus och, och Éire 'lig is ó
Éire lonndubh agus ó
is é mo chroí 'tá trom is é brónach.
Is iomaí Nollaig 'bhí mé féin
i mbun abhann Doinne is mé gan chéill
ag iomáin ar an trá bhán
is mo chamán bán i mo dhorn liom.
Curfá
Nach tuirseach mise anseo liom féin
nach n-airím guth coiligh, londubh nó traon,
gealbhán, smaolach, naoscach féin,
is chan aithním féin an Domhnach.
Curfá
Dá mbeadh agam féin ach coit is rámh
nó go n-iomarfainn ar an tsnámh
ag dúil as Dia go sroichfinn slán
is go bhfaighinn bás in Éirinn.
Curfá
T:
C:
M:
K: