Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

'Annir Dheas na gCiabhfholt Donn

'S é deir Colmcille liom go hIfreann nach dtéid fial,
Lucht an tsaibhris go gceileann siad a bpáirt mhór le Dia;
Nach mór an tubaiste d'aon duine á dearnadh ariamh
Oiread a chruinniú agus choinneodh as Parrthas é?

Thréig mé lucht an Bhéarla agus búclaí bróg;
Thréig mise an méid sin mar gheall ort, a stór,
Mar i ndúil go mbeinn 's tú, 'chéadsearc, maidin chiúin cheo
Is sinn ag éisteacht le géimneach ár sealbháin deas bó.

D'imigh mé mar d'imeodh mo shnua agus mo ghné,
D'imigh mé mar d'imeodh fáinní geala an lae,
D'imigh mé mar d'imeodh an sneachta den ghréin,
Nó mar bheinn ar oileán 's thiocfadh an tuile orm is bháithfí mé.

Go mbreacaí mo dhá mhala agus go liathfaí mo cheann
Chomh geal leis an eala atá ar Shliabh Uí Fhloinn,
Go dté mo bhean i dtalamh agus 'na diaidh sin a clann
Beidh cuimhne agam ort, 'ainnir dheas na gciabhfholt donn.

T:
C:
M:
K: