Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

A Mhuire 's A Rí

A Mhuire 's a Rí gan orm na méara
'Bhuailfeadh port ar phíobaí ceoil;
Bhuailfeadh port aoibhinn an taobh seo den tír
Nach gcuala sibh riamh a leithéid go fóill.

Níl ar chrann a rachadh chun scaoil,
Níl giorria i dtom nach bhfuígfeadh an saol,
Níl duine 'bhfuair bás nach n-éireodh slán
Le haoibhneas mo mhálaí séideadh ceoil.

Is buartha bocht imníoch a chaith mise an geimhreadh,
Gorta agus ampla tharam go leor;
Cuid de mo mhuintir idir dhá chontae,
Cuid i bhFear Manach agus cuid i dTír Eoghain.

Ach tiocfad ar ball le ruaiteacht an tsamhraidh
Is buailfead go teann mo bhata ar an bhord;
Suífead i seomra is scairtfead ar dhram,
'S é déarfaidh sí liom 'Cuir glac ar a scorn'.

Glórthaí gan suim a chuir sí mo cheann,
An bhean a dúirt liomsa go gceannóinn bó,
Is gan a fhios cén poll a bhfuígfí í ann
Is nach n-ólfainnse pionta dá bainne go deo.

Tá bainne agus im go fairsing le roinnt
Ag mná Mhín gCuibhreann is mo bheansa gan deoir,
An bhean is fearr a bheadh liom 'sí is fearr a gheobhadh roinnt
Dá ngluaisfeadh sí liom ar fud an tsaoil mhóir.

T:A Mhuire is a Ri/
C:Traditional
M:6/8
K:F
A B c | d2 d d e d | c2 c c2 F |
F2 F (GF) E | D3 C D F |
G G G A G A | G2 G C D F |
A2 G G F F | F2 A A B C |
d2 d d e d | c2 c c F F |
F2 F G F E | D2 C C D F |
G2 G A (GA) | G2 G C D F |
A2 G (GF) F | F3 |