Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

A Bhuaichaill an Chúil Dualaigh

A bhuaichaill an chúil dualaigh, cár chodail mé aréir?
Ag colbha do leaba is níor airigh tú mé
dá mbeadh fios mo cháis agat ní chodlófá néall,
is gurab é do chomhrá binn blasta d'fhag an osna seo i m' chléibh.

A bhuachaill an chúil dualaigh, nár fheice mé Dia
go bhfeice mé do scáile 'teacht eadar mé is an ghrian;
ní aithníonn tú mo mhearú is ní airíonn tú mo phian,
is mar bharr ar gach ainnis is leat a chailleas mo chiall.

A bhuachaill an chúil dualaigh, 'bhfuil ár sonas le fáil
nó an mbeimid le chéile ar aon lóistín amháin,
sinne araon pósta, a stár is a dhian-ghrá,
ár n-aimhleas ar lár is á gcomhgas go sámh?

T:A Bhuachaill an Chu/il Dualaigh
C:Traditional
M:3/4
K:D
G|F2EE (3DEF)|B2, A2, (A,B,)|D2 E2 F2|G4 (AG)|
F2 (ED) (DFED)|B2, A2, A, B,|(C2 (3EFG)) (FE) C/|D4 D D|
D2 F2 A2|A2 (GF) (ED)|D2 F2 A2|d3 c c c| (BA) (GF) (ED)|B2, A2, A, B,|(DA) (GF) E D|(D4 D)|]