Mise Éire - sine mé ná an Chailleach Béarra Mór mo Ghlóir - mé do rug Cú Chullainn cróga. Mór mo náire - mo chlann féin do dhíol a máthair. Mise Éire - uaigní mé ná an Chailleach Béarra.