Sa suíomh seo tá miondeálaithe faoi leabhar a insíonn dúinn conas ceol a sheinnt ar an mbainseo Gaelach. Clúdaítear uraiceacht léinn cheoil. Múintear conas nótaí a léamh,fad na nótaí agus na sosanna. Cuirtear síos ar géara, maoil, nóta nádurtha, gléas chomhartha, seachtráin agus ponc. Mínítear deireadh coda freisin.
Tá eolais tugtha ar conas an bainseo féin a sheinnt. Tugtar miondeálaithe faoi conas na scálaí a fhoghlaim agus a chleachtadh. Tó léaráid don chlár cipín méire. Clúdaítear tiúnadh, piocadh, méarú, greim ar an mbainseo chomh maith. Déantar cur síos ar saghasanna éagsúla maisiú. Tá 50 fonn curtha san áireamh freisin. Ina measc sin tá naoi bport déag, ríl agus fiche, sé chornphíopa agus ceithre ilchineálach .Seo a leanas liosta.
Is féidir leat an leabhar a cheannach tríd an phost ó Donnacha Ó Baoighill ag an seoladh thíos. Cosnaíonn sé £5 Éireannach nó £5 Sasanach. Is féidir leat íoc le 9 US $ nó an méid chéanna in aon saghas airgead chomh fada is a bhfuil mé ábalta é a athrú in Éirinn. Cuir £ nó $ breise leis an praghas más taobh amuigh d'Éireann nó an Bhreatain atá tú i do chónaí chun an costas breise póstála a íoc.
Donnacha Ó BaoighillI measc na bainseoirí ag a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu tá Géaróid Ó Conchubhair, Seán Mac Cárthaigh, Ciarán Hanrahan, Briain Mac Raith, Mícheá Ó Maoldomhnaigh, Barney Mac Cionnaith, Tomás Cussen agus Daithí Mac Neifin.